An Ghiobóg

Tá an t-amhrán seo coitianta i dTír Chonaill. Seantéama sna seanamhráin é an pósadh fuathmhar. D'fhoghlaim mise an t-amhrán seo i gceardlann ar amhránaíocht an tsean-nóis leis Lillis Ó Laoire in Oideas Gael i Mí Iúil 2009.

This an old song popular in Donegal about a less than happy marriage. I learnt it from Lillis Ó Laoire in the sean-nĂ³is class at Oideas Gael in July 2009.

An Ghiobóg

Bliain mhór 's an t-am seo ba deas mo chulaith éadaí,
'S nach lúthmhar éadtrom aigeantach a dhéanfainn bean a bréagadh
Phós mise an ghiobóg bheag, bhí bó nó beirt de spré aici,
Gus d'fhág sí ar an anás mé 's mo chraiceaan geal gan léine.

Má bhí culaith mhaith an uair sin ort b'fhéidir nár leat fhéin í,
Cha raibh sí ar do chariceann go raibh fear istigh á hiarraidh
Dhíol tú mo chuid eallaigh, sin is tuilleadh rudaí,
Is d'fhág tú ar an anás mé 's gan a ghreim agam le hithe.

'Bhuachaillaí, 's a bhuachaillaí, an méid agaibh atá gan phósadh,
Ná santaigí sibhse beah ar bith mar gheall ar theach ná baile,
B'fhearr liom cailín glan agam ar philleadh domh tráthnóna,
Na luaith bhuí na seachtaine 's a cur amach Dé Domhnaigh.

A chailíní 's a chailíní, an méid agaibh atá le pósadh
Ná santaigí sibhse fear ar bith mar gheall ar a chulaith éadaí
B'fhearr liom buachaill fearúil agam ar philleadh dom tráthnóna
Ná 'bheith 'coimhéad ar an amadán istigh ina chulaith Domhnaigh.

Chan fhacthas mo léine glan orm ariamh le linn mo phósta
Ná mo bhróga daite orm 'un Aifrinn domh Dé Domhnaigh
Mura gcasfaí ach scaifte cailín orm 'na seasamh ar a' bhóthar
Nár 'aithrí Dia ná Muire orm é, ba mian mo chroí bheith leofa.

Shiúil tú amuigh 'istigh leofa 's char stad tú de na bréaga
Char chuir tú caol na deis orm go ndéanfainn geal do léine
Bhí tú mar an bacach ann, i ndoras achan aon mhnaoi
Ag fiafrú de na cailíní cé acu ba réitigh.

Ag éirí domhsa ar maidin 'goil ag obair mar ba chóir domh
Nuair a phillim arís tráthnóna chan fheicim an leaba cóirithe
Tá níos mó ná sin agam, nach féidir domh a inse
Tá naipíní mo pháistí amuigh ag bean na comharsan.

Ag éirí duit ar maidin 'dhul a obair mar ba chóir duit,
Is é an áit a dtéann tú ag tarraingt ar do chomharsan,
Ar philleadh arís 'na bhaile duit ar theacht don tráthnóna,
An léine a chuir mé glan ort, d'fhág tú i dtigh a' óil í.

Ach féadfaidh athrú 'theacht go fóill,
Nuair a gheobhaimid tuilleadh céille,
Bhéarfaidh an ghiobóg 'gus an t-amadán maithiúnas dona chéile,
Beidh deireadh leis an chogagh mhór 'gus síocháín ar an éileamh,
Beidh an ghiobóg 'gus an t-amadán 'na lanúin shona shaibhir.

Éist leis taifeadadh an amhrán seo leis Lillis Ó Laoire agus an rang sean-nóis

Éist leis taifeadadh eile an amhrán seo leis Lillis Ó Laoire agus an rang sean-nóis

Other songs in Irish | Songs in other languages

[top]


Green Web Hosting - Kualo

Why not share this page:

 

Learn a Language with gymglish

If you like this site and find it useful, you can support it by making a donation via PayPal or Patreon, or by contributing in other ways. Omniglot is how I make my living.

 

Note: all links on this site to Amazon.com, Amazon.co.uk and Amazon.fr are affiliate links. This means I earn a commission if you click on any of them and buy something. So by clicking on these links you can help to support this site.

Get a 30-day Free Trial of Amazon Prime (UK)

If you're looking for home or car insurance in the UK, why not try Policy Expert?

[top]

iVisa.com