Ar a Ghabháil go Baile Átha Cliath Domh

Seo leagan den amhrán a bhí ag Áine Ní Ghallchobhair, Annie Eoghain Éamoinn, as Dobhar i nGaoth Dobhair. Amhrán faoi fhuadach sí é seo. Tig taise na mná s'aige féin roimh an fhear seo agus é ar a bhealach go Baile Átha Cliath ag iarraidh a fháil di, agus í sínte tinn ar an leaba le naoi mí.

D'fhoghlaim mise an t-amhrán seo i gceardlann ar amhránaíocht an tsean-nóis leis Lillis Ó Laoire in Oideas Gael i Mí Iúil 2009.


Ar a ghabháil go Baile Átha Cliath dom ar an chéad lá den tseachtain
Tharla domhsa an spéirbhean a dtug mé spéis di agus taitneamh
Is é d'fhiafraigh sí fríd ghlórtha os tú is derieanaí a d'fhág an baile
Cad é mar tá do chéile nó an féidir go maireann?

Ó tá sí tinn tréithlag i bhfiabhras na leapa
Agus tá sí le trí ráithe ag na leighis do mo chreachadh
Tá smúid ar mo chroísa is no scaoilfear go héag é
Fhad is bheas drúcht ar na gleanntaí ná ceo ar na sléibhte

Ná bíodh ortsa buaireamh má théann sí faoi thalamh
Gheobhaidh tú bean óg is spré léi, dúiche í saol agus talamh
Gheobhaidh tú airgead in do phócaí agus ór buí le scabadh
Gheobhaidh tú maighdean an chúil oir bhuí mar chéile do leapa.

A Mhaighdean dheas bhéasach, ná hiarr a bheith 'mo mhealladh
Tá muirín bheag óg orm is ní heol uaim a scabadh
Má tá airgead in do phócaí nó ór buí le scabadh
Gabh agus togh do rogha céile duit féin in do leaba.

Le Brí na gcúl omra ma nár labhair tú go ciúin liom
Scaoilfidh mé bogha saighead leat is ní fearrde duit féin é
Tá dath na húire agus na gréine orm, dath na gaoithe is na gealaí
Mo chreach agus mo léan géar bhí clann agma féin leat.

An tú Úna nó an tú Áine nó an tú an spéirbhean a chráigh mo chroí
Nó an tú an cailín barrúil spéirúil a shiúil Éire liom i dtús mo shaoil?
Ní mé Úna is ní mé Áine is ní mé an spéirbhean a chráigh do chroí
Ach is mé an cailín barrúil spéirúil a shiúil Éire leat i dtús do shaoil?


Éist leis taifeadadh an amhrán seo leis Lillis Ó Laoire agus an rang sean-nóis

Leaganacha eile den amhrán seo
http://www.celticlyricscorner.net/clannad/angiobog.htm
http://www.angelfire.com/ri/domhan/clarg05.html

Other songs in Irish | Songs in other languages

[top]


Green Web Hosting - Kualo

Why not share this page:

 

SpanishPod101 - learn Spanish for free

If you like this site and find it useful, you can support it by making a donation via PayPal or Patreon, or by contributing in other ways. Omniglot is how I make my living.

 

Note: all links on this site to Amazon.com, Amazon.co.uk and Amazon.fr are affiliate links. This means I earn a commission if you click on any of them and buy something. So by clicking on these links you can help to support this site.

Get a 30-day Free Trial of Amazon Prime (UK)

If you're looking for home or car insurance in the UK, why not try Policy Expert?

[top]

iVisa.com