Bímís ag ól

D'fhoghlaim mé an t-amhrán seo in Oideas Gael i Mí Iúil 2009.

Bímís ag ól

Trathnóinín fómhair ar leathtaobh a róid
Sea dhearcas an óigbhean mhohmharach dheas
Is blasta 's is cóir do labhair a beol:
"Ó téanam ag ól agus díolfhadsa as!"

Curfá
Agus bímis ag ól is ag ól is ag ól
Bímis ag ól is ag pógadh na mban
Bímis ag ól is ag rince le ceol
Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart

Bhí tabhairne san áit is níor mhoill dúinn dul sall
I gcomhluadar galánta ag diúgadh gan stad
Puins dúinn ar bord is ea d'ordaigh mo stór
Is bheimis go glórmhar gur ghlaoigh an coileach

Curfá

Bhí an spéirbhean le'm ais is í glioscarnach geal
A beola caordhearg, braon branda 'na glaic
Do bhlaiseas a beola is ba fonnmhar a póg
"Tóg go bog é a stúmpa nó díolfaidh tú as!"

Curfá

Bhuail fear liom inné is é ag ól cupán tae
Ó bhí lag tréith is breoite go maith
Dá n-ólfadh sé taosc de phoitín Chúil Aodha
Ba ghairid é ag léimt is é ag tóraíocht na mban.

Curfá

Is sinn sínte go sóch tar éis iomad den ól
Ach ar bhuille a dó ar an ndoras do bhuail cnag
An sáirsint dár dtóir, barántas 'na ghlaic
Ach d'éalaigh gach geocach thar chlathacha amach

Curfá

Tá taifeadadh an amhrán seo ar:
http://www.youtube.com/watch?v=tgaaGwtMm3U

Other songs in Irish | Songs in other languages

[top]


Green Web Hosting - Kualo

Why not share this page:

 

The Fastest Way to Learn Japanese Guaranteed with JapanesePod101.com

If you like this site and find it useful, you can support it by making a donation via PayPal or Patreon, or by contributing in other ways. Omniglot is how I make my living.

 

Note: all links on this site to Amazon.com, Amazon.co.uk and Amazon.fr are affiliate links. This means I earn a commission if you click on any of them and buy something. So by clicking on these links you can help to support this site.

Get a 30-day Free Trial of Amazon Prime (UK)

If you're looking for home or car insurance in the UK, why not try Policy Expert?

[top]

iVisa.com